Píosa ar an obair a rinne sé fríd na blianta, bhí sé thall in Albain tamall agus ansin chaith sé tamall measartha ag obair thuas i gContae na Mí le Bord na Móna. Bhí droch dhóigh orthu corr uair agus chaitheadh sé luí amuigh. Ní raibh mórán ag na daoine agus ní raibh mórán airgid acu.